Tacaíonn an Coimisiún Eorpach le tuilleadh forbartha ar choincheap na pleanála soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe, le huirlisí agus treoir do chathracha agus le cur chun cinn forbairt agus cur i ngníomh SUMPanna i gcathracha ar fud na hEorpa.
Buail isteach go rialta ar thairseach na bPleananna Soghluaisteachta chun eolas a fháil ar imeachtaí, ceardlanna agus oiliúint a bhíonn á n-eagrú ag tionscadail EU atá ar siúl.
De bhreis ar bhunachar sonraí na hUirlisí agus Acmhainní do Phleananna Soghluaisteachta cuirtear cur síos ar fáil thíos ar na príomhthionscadail atá ar siúl faoi láthair nó a críochnaíodh le déanaí i measc tionscadail atá á maoiniú ag an Coimisiún Eorpach.
Treoir
• Monatóireacht agus Meastóireacht, an tionscadal CH4LLENGE de chuid an AE
• Na bearta agus na pacáistí birt is éifeachtaí a roghnú, an tionscadal CH4LLENGE de chuid an AE
• Treoirlínte cumarsáide, an tionscadal, BUMP de chuid an AE
• Treoirlínte i gcomhair SUMP do réigiúin polalárnacha, arna bhforbairt ag an tionscadal Poly-Sump de chuid an AE
• Seimineár Gréasáin: Smaointe nuálacha agus conas leas a bhaint astu, an tionscadal Tide de chuid an AE
Iniúchtaí agus meastóireacht
• Lámhleabhar do Chathracha, Iniúchóirí nó Comhairleoirí chun meastóireachtaí agus iniúchtaí a dhéanamh ar fheidhmíocht iompair na cathrach. Bunaithe ar 20 táscaire, an tionscadal EcoMobility-Shift
• Iniúchadh ar shoghluaisteacht uirbeach atá bunaithe ar bhainistiú cáilíochta iomlán arna fhorbairt ag an tionscadal Quest de chuid an AE
• Scéim Iniúchóireachta mar aon le treoirlínte in 11 theanga, arna forbairt ag an tionscadal Advance de chuid an AE
• Ceistneoir ar shoghluaisteacht uirbeach, 11 theanga in xls, arna fhorbairt ag an tionscadal Advance de chuid an AE
• Comhairliú i dtaobh Treoirlínte SUMP ag an tionscadal PUMAS de chuid an AE
Uirlisí
• Modheolaíochtaí le haghaidh anailíse costas - tairbhe agus anailís tionchair, an tionscadal Tide de chuid an AE
• Bosca uirlisí nuálaíochta: 15 bheart iompair spreagthacha a dhéanfaidh difríocht i do chathair, an tionscadal Tide de chuid an AE
• Réitigh maidir le soghluaisteacht uirbeach do: iompar poiblí, bonneagar iompair, loighistic chathrach, pleanáil chomhtháite / pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe, bainistiú líonra agus soghluaisteachta, feithicil ghlan, an tionscadal Solutions de chuid an AE
• Coincheap cúrsa oiliúna maidir le Pleananna Soghluaisteachta Uirbí Inbhuanaithe, an tionscadal BUMP de chuid an AE
• Sraith uirlisí chun rannpháirtíocht luchtanna leasa a spreagadh maidir le Comhairliúcháin rathúla a eagrú, Civitas
• Teagmháil a dhéanamh leis an Saoránach: Sraith uirlisí maidir le Cumarsáid agus Margaíocht a mbíonn torthaí orthu, Civitas
Dea-chleachtais
• 9 staidéar cáis ón tionscadal EcoMobility SHIFT
• Pleananna gnímh agus tuarascálacha um shoghluaisteacht uirbeach ó 46 chathair arna ndeimhniú ag an tionscadal Quest de chuid an AE
• A lán dea-chleachtas ar thionscadail soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe i gcathracha CIVITAS an AE
• Bearta Taispeántais maidir le Soghluaisteacht Uirbeach Inbhuanaithe agus torthaí, Civitas
• 9 bPlean Gnímh Áitiúla arna bhforbairt ag an tionscadal Advance
Líonraí
• Feachtas maidir le Soghluaisteacht Uirbeach Inbhuanaithe (“Do the right mix”/ “Déan an meascán ceart”)
• Grúpa Comhairleach agus Téamach maidir le Pleanáil Chomhtháite, an tionscadal Civitas de chuid an AE
• Ardán Civitas an AE chun smaointe agus eispéiris ar shoghluaisteacht uirbeach a mhalartú
• Líonraí cathrach náisiúnta Civinet National a chuireann cur chuige CIVITAS chun cinn
• Oiliúnóirí do phleanáil Soghluaisteachta Uirbí Inbhuanaithe san AE 28, an tionscadal Endurance de chuid an AE
Tá samplaí agus uirlisí dea-chleachtais a léiríonn forbairt agus cur i ngníomh Plean Soghluaisteachta Uirbí Inbhuanaithe san áireamh i mbunachar sonraí na staidéar cáis. Cuirtear ábhar luachmhar ar fáil ó áiteanna ar fud na hEorpa agus is inspioráid iad don obair a dhéanfaidh sibh ar bhur SUMP féin.
Tá fáilte romhat moltaí le haghaidh tuilleadh samplaí SUMP a chur isteach.