An tArdán Eorpach

By Admin Eltis / Updated: 28 May 2019

Maidir leis an ardán

Tacaíonn an tArdán Eorpach do Phleananna Soghluaisteachta Uirbí Inbhuanaithe le haistriú a dhéanamh i dtreo córas soghluaisteachta iomaíoch atá tíosach ar fhuinneamh i gcathracha na hEorpa. Déantar é sin mar seo a leanas:  

Tá Rúnaíocht ag tacú le hobair an Ardáin. Lárionad teagmhála is ea an Rúnaíocht seo le haghaidh gach fiosraithe ón taobh istigh agus ón taobh amuigh den Ardán.

Tairseach na bPleananna Soghluaisteachta

Tugann tairseach na bPleananna Soghluaisteachta faisnéis duit a chabhraíonn leat SUMP a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear:

  • Faisnéis faoi eilimintí SUMP;
  • Treoirlínte maidir le SUMP a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm;
  • Rogha uirlisí, treoracha, lámhleabhair agus tuarascálacha chun tacú le gairmithe soghluaisteachta uirbí ina gcuid oibre;
  • Cás-staidéir ina ndéantar anailís ar rogha samplaí áitiúla d’fhorbairt agus de chur i bhfeidhm phleananna soghluaisteachta;
  • Fóram ar ar féidir le Cairde Eltis na cursaí go léir a bhaineann le soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe a phlé;
  • Bunachar sonraí faoi rannpháirteachas cathracha i ngníomhaíochtaí AE a bhaineann le pleanáil soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe.

Tá súil againn go measann tú gur áit spéisiúil faisnéiseach é tairseach na bPleananna Soghluaisteachta. Má tá aon cheist agat nó más mian leat moladh nó tuairim a chur isteach, ná bíodh moill ort teagmháil a dhéanamh linn.

An Grúpa Comhordaithe

Tagann ionadaithe le chéile sa Ghrúpa Comhordaithe ó ghníomhaíochtaí leanúnacha cuí lena dtacaíonn an AE chun:

  • Faisnéis a mhalartú mar aon leis na ceachtaí a foghlaimíodh;
  • Sineirgíochtaí a aithint agus leas a bhaint astu;
  • Teacht ar chomhthuairimí lena n-úsáid chun eolas a chur faoi fhorbairt bhreise an choincheapa agus na n-uirlisí SUMP; agus
  • Chun cuidiú le léiriú seachtrach na dtionscnamh éagsúil a chomhordú.

Comhdhálacha Bliantúla

Tá sé beartaithe ag an Ardán comhdhálacha bliantú a reáchtáil chun coincheap na SUMPanna a chur chun cinn ar fud na hEorpa. Sna comhdhálacha sin díreofar ar na forbairtí is déanaí sa phleanáil soghluaisteachta uirbí, cothófar malartú tuairimí agus taithí agus cuirfear deis líonraithe ar fáil dóibh siúd a ghlacann páirt i bpleananna dá leithéid a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

Reáchtáladh an chéad Chomhdháil Eorpach maidir le SUMPanna an 12-14 Meitheamh 2014 in Sopot, an Pholainn. Chun faisnéis bhreise a fháil, féach ar an chlár oibre (nasc seachtrach) (PDF, 1.6MB) agus ar na láithreoireachtaí (nasc seachtrach).

Coinnigh súil ar ár leathanach imeachtaí chun scéal a fháil faoi chomhdhálacha SUMP amach anseo.