Eolas faoi Eltis

By Admin Eltis / Updated: 21 Sep 2020

Cad is Eltis ann?

Éascaíonn Eltis malartú faisnéise, eolais agus eispéireas i réimse na soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe san Eoraip. Tá sé dírithe ar dhaoine atá ag obair in iompar agus i ndisciplíní gaolmhara lena n-áirítear forbairt uirbeach agus réigiúnach, sláinte, fuinneamh agus na heolaíochtaí comhshaoil. Bunaíodh Eltis breis is 20 mbliana ó shin agus is é an phríomh-fhaireachlann ar shoghluaisteacht uirbeach san Eoraip é faoin am seo. Tá sé á mhaoiniú ag an Aontas Eorpach faoin chlár um Fuinneamh Stuama san Eoraip.

Faoi thrí cinn de phríomhthéamaí, is é sin, AIMSIGH, GNÍOMHAIGH, ROINN, cuireann Eltis faisnéis, dea-chleachtais, uirlisí agus bealaí cumarsáide ar fáil atá riachtanach chun eiseamláirí soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe a dhéanamh dár gcathracha.

Sa rannán faoi PLEANANNA SOGHLUAISEACHTA cuirtear  lárionad faisnéise ar fáil faoin tslí chun Pleananna Soghluaisteachta Uirbí Inbhuanaithe (SUMPanna) a fhorbairt agus a chur i ngníomh de réir mar a bhíonn níos mó gá le próisis phleanála chomhtháite san Eoraip. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin rannán seo tabhair cuairt ar an leathanach Eolas faoi Phleananna Soghluaisteachta.

Cad atá ar fáil duit ar Eltis?

Cuireann Eltis ar do chumas soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe a AIMSIÚ 

•    Faoi Nuachta tugtar díolaim rialta ar scéala áitiúla, réigiúnacha agus Eorpacha a bhaineann le soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe 
•    Faoi Thopaicí tugtar breac-chuntas ar na príomhábhair soghluaisteachta uirbí a phléitear ar Eltis 
•    Faoi Fhíricí agus Figiúirí tugtar réimse sonraí staitistiúla maidir le topaicí soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe 
•   Faoi Bheartas & Reachtaíocht an AE tugtar eolas ar fhorbairtí tábhachtacha reachtaíochta agus beartais i dtaobh soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe  

Tacaíonn Eltis leat chun dul i mbun GNÍMH agus cineálacha inbhuanaithe soghluaisteachta a chur chun cinn i do réigiún nó i do chathair.

•    Faoi Staidéir Cháis cuirtear samplaí áitiúla de thionscnaimh agus straitéisí soghluaisteachta uirbí a d’éirigh leo i láthair agus déantar anailís orthu 
•    Faoi Uirlisí & Acmhainní faightear uirlisí, treoracha, lámhleabhair agus tuarascálacha a thacaíonn le gairmithe soghluaisteachta uirbí ina gcuid oibre
•    Faoi Fhíseáin taispeántar samplaí fíormhaithe de chur chuige i leith soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe 
•    Faoi Ghrianghraif óstáiltear gailearaí pictiúr atá ar fáil duit chun soghluaisteacht uirbeach a chur chun cinn 
•    Faoi Ábhair Oiliúna léirítear ábhair oiliúna agus oideachais a cuireadh le chéile i réimsí na soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe
•    Faoi Mhaoiniú AE cuirtear sruthanna agus cláir mhaoinithe reatha an AE a bhfuil rochtain orthu ag rialtais áitiúla.  

Cuireann Eltis ar do chumas samplaí dea-chleachtais a ROINNT agus smaointe nua nuálacha faoi shoghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe a phlé.

•    Mar Chara cláraithe Eltis tá fáilte romhat inneachar a chur isteach agus do thuairimí a léiriú faoi smaointe agus tionscnaimh do chomhghleacaithe. Tabhair cuairt ar leathanach Cairde Eltis chun tuilleadh a léamh faoi thairbhí ballraíochta. 
•    Faoi Imeachtaí taispeántar féilire comhdhálacha, cruinnithe, ceardlanna agus seisiúin líonraithe

Tá súil againn go measann tú gur suíomh spéisiúil faisnéiseach é suíomh Eltis.  Má tá aon cheist agat nó más mian leat moladh nó tuairim a chur isteach ná bíodh moill ort Teagmháil a dhéanamh linn.