Cookies (Fianáin)
Chun go n-oibreoidh an suíomh seo i gceart, is minic a chuirimid comhaid bheaga sonraí, ar a dtugtar fianáin, ar do ghléas ríomhaireachta. Déanann an chuid is mó de na suíomhanna móra amhlaidh freisin.
Cad is fianán ann?
Is comhad beag téacs é an fianán a shábhálann suíomh gréasáin ar do ríomhaire nó ar do ghléas soghluaiste le linn duit cuairt a thabhairt ar an suíomh gréasáin sin. Fágann sé gur féidir leis an suíomh gréasáin do chuid gníomhaíochtaí agus do roghanna (m.sh. logáil isteach, teanga, clómhéid agus roghanna eile taispeána) a choinneáil i gcuimhne ar feadh tréimhse ama, chun nach mbeidh ort iad a chur isteach arís is arís eile nuair a fhilleann tú ar an suíomh sin nó nuair a dhéanann tú brabhsáil ó leathanach go leathanach.
Conas a úsáidtear fianán?
Tá roinnt leathanach againn a úsáideann fianáin chun an méid seo thíos a choinneáil i gcuimhne:
- do roghanna taispeána, m.sh. socruithe dathanna imeartais nó clómhéid
- má thug tú freagra ar mhír aníos i bhfoirm suirbhé ina raibh ort do thuairim a thabhairt faoi cé chomh húsáideach agus a bhí an t-ábhar (chun nach gcuirfear an cheist chéanna ort arís)
- má d'aontaigh tú (nó murar aontaigh tú) leis an úsáid a bhainimid as fianáin ar an suíomh seo
Chomh maith leis sin, tá roinnt físeán atá leabaithe ar na leathanaigh againn a bhaineann úsáid as fianán le staitisticí a bhailiú faoin tslí ar tháinig tú ar leathanach áirithe agus faoi na físeáin ar fhéach tú orthu.
Ní hé go gcaithfear na fianáin sin a chumasú i gcónaí chun go n-oibreoidh an suíomh gréasáin ach beidh an bhrabhsáil a dhéanfaidh tú níos éasca má chumasaítear iad. Is féidir na fianáin sin a scriosadh nó a bhlocáil, ach má dhéantar amhlaidh d’fhéadfadh sé nach mbeadh roinnt gnéithe atá ar an suíomh ag obair i gceart duit.
Ní bhaintear leas as an bhfaisnéis a bhaineann le fianáin chun tú a aithint go pearsanta agus tá smacht iomlán againn ar na sonraí sin. Ní bhaintear aon úsáid eile as na fianáin seo ach na húsáidí a bhfuil cur síos déanta orthu anseo.
An mbíonn fianáin eile in úsáid againn?
D’fhéadfadh sé go mbeadh fianáin bhreise nó dhifriúla ó na fianáin thuasluaite in úsáid ar leathanaigh áirithe nó ar fhoshuíomhanna gréasáin. Má dhéantar amhlaidh, tabharfar mionsonraí faoi na fianáin sin ar an leathanach fóga a ghabhann leis na fianáin áirithe sin. D’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ort do chead a thabhairt chun na fianáin sin a stóráil.
Conas a choinnítear smacht ar na fianáin
Is féidir leat fianáin a rialú agus/nó a scriosadh de réir mar is mian leat – féach an t-eolas ag aboutcookies.org (nasc seachtrach). Is féidir leat na fianáin uile atá ar do ríomhaire cheana a scriosadh agus is féidir leat formhór na mbrabhsálaithe a shocrú chun bac a chur orthu. Má dhéanann tú sin, áfach, b'fhéidir go mbeadh ort roinnt de na roghanna a athrú gach uair a thugann tú cuairt ar shuíomh agus b’fhéidir nach n-oibreodh seirbhísí ná feidhmiúlachtaí áirithe.